It is currently Wed 16 Sep 2026 4:04 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 10 posts ] 
Author Message
 Post subject: Gaeilge scríofa
PostPosted: Sat 22 Aug 2015 2:23 am 
Offline

Joined: Mon 01 Sep 2014 10:03 pm
Posts: 522
Location: SAM
Bíonn mé ag scríobh i nGaeilge amháin ar Twitter. Cúpla lá ó shin, scríobh mé rud mar: "Ach, ní thuigeann gon chuid is mó go mhic léinn é sin". (bhí muid ag caint faoin difríocht idir "scrios" agus "scríos" agus an chaoi nach bhfuil eolas ag mórán mac léinn ar na foirmeachaí canúnacha.)

Tá's 'am gurb canúint a raibh i gceist 'am. Ach, dúirt duine liom nach raibh deis 'am é sin a dhéanamh, mar ní an Caighdeán é agus is mic léinn as Meiriceá a scríobhann mar sin. Céard a cheapann sibse faoin Gaeilge scríofa? An bhfuil deis ag duine nach cainteoirí dúchasaigh iad na canúintí a scríobh?


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Gaeilge scríofa
PostPosted: Sat 22 Aug 2015 9:59 am 
Offline
User avatar

Joined: Fri 30 Sep 2011 10:08 pm
Posts: 1313
galaxyrocker wrote:
Tá's 'am gurb canúint a raibh i gceist 'am. Ach, dúirt duine liom nach raibh deis 'am é sin a dhéanamh, mar ní an Caighdeán é agus is mic léinn as Meiriceá a scríobhann mar sin. Céard a cheapann sibse faoin Gaeilge scríofa? An bhfuil deis ag duine nach cainteoirí dúchasaigh iad na canúintí a scríobh?

Bhuel, dúirt an chuid is mó desna na cainteoirí dúchais lenar bhuaileas gur ceart an chanúint a scríobh, agus b'fhearr leotha an fíor-chanúint a dh'fheiscint i leabhra agus i leitreacha, agus is cuma leotha más foghlaimeoir tu.

Cuireann an abairt san "is mic léinn as Meiriceá a scríobhann mar sin" drochamhras orm. B'fhéid gur duine as Éirinn athá i gceist agus ní maith leis an Ghaelainn a bheith fé réim ag daoine thar sáile.

_________________
The dialect I use is Cork Irish.
Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Gaeilge scríofa
PostPosted: Sat 22 Aug 2015 10:03 am 
Offline

Joined: Mon 08 Oct 2012 11:11 am
Posts: 72
Más dráma, úrscéal nó agallamh beirte nó cibé méid duine a bhfuil tú scríobh faoi lean ort agus cuir an leagan cainte nádúrtha air mar a labhraíonn na daoine de ghnáth ina measc féin.
Bíodh an rud chomh nádúrtha is féidir agus éireoidh leat. Sin a déarfainnse leat


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Gaeilge scríofa
PostPosted: Sat 22 Aug 2015 10:24 am 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Quote:
An bhfuil deis ag duine nach cainteoirí dúchasaigh iad na canúintí a scríobh?


An ormsa atá tú ag cur na ceiste seo? :mrgreen:
Cha scríobhaimsa sa ChO am ar bith agus ní cainteoir dúchais mé :) Cad chuighe nach dtiocfadh le cainteoirí "neamhdhúchasacha" scríobh sa chanúint is fearr leofa?

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Gaeilge scríofa
PostPosted: Sat 22 Aug 2015 6:53 pm 
Offline

Joined: Mon 01 Sep 2014 10:03 pm
Posts: 522
Location: SAM
Aontaím go hiomlán leob uilig.

An Lon Dubh wrote:
B'fhéid gur duine as Éirinn athá i gceist agus ní maith leis an Ghaelainn a bheith fé réim ag daoine thar sáile.


B'fhéidir, ach ní shílim gur in Éirinn atá sé ina chónaí faoi láthair.

Lughaigh wrote:
Cha scríobhaimsa sa ChO am ar bith agus ní cainteoir dúchais mé :) Cad chuighe nach dtiocfadh le cainteoirí "neamhdhúchasacha" scríobh sa chanúint is fearr leofa?


Dáiríre, dá mbeadh tuilleadh eolais 'am ar an litriú Connachta, scríobhfadh mé sa gcanúint níos mó. Ach níl's 'am an litriú ach amháin cúpla focla (amáireach, aimhreas, srl).


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Gaeilge scríofa
PostPosted: Sat 22 Aug 2015 8:58 pm 
Offline

Joined: Tue 06 Sep 2011 8:09 pm
Posts: 943
Dá mbeadh canúint dheas líofa agam do dhéanfainn lán iarracht í a úsáid chomh minic agus ab fhéidir liom... Ná éist leo(ibh?) siúd a deireann a mhalairt. Go speisialta agus tú ar Twitter, an saghas sin meáin ba cheart an Ghaeilge a bheith nádúrth (ó thaobh gramdaí má's féidir agus níos fear aríst ó thaobh canúna de!)


Last edited by Gumbi on Sun 23 Aug 2015 12:28 am, edited 1 time in total.

Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Gaeilge scríofa
PostPosted: Sat 22 Aug 2015 9:29 pm 
Offline
User avatar

Joined: Mon 29 Aug 2011 4:54 pm
Posts: 3444
Location: Cill Dara
Indigenous Tweets. Statistics on the most frequent twitter accounts using Irish.

viewtopic.php?f=28&t=3611

_________________
Is foghlaimeoir mé. I am a learner. DEFINITELY wait for others to confirm and/or improve.
Beatha teanga í a labhairt.


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Gaeilge scríofa
PostPosted: Sat 22 Aug 2015 11:02 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1527
galaxyrocker wrote:
Bíonn mé ag scríobh i nGaeilge amháin ar Twitter. Cúpla lá ó shin, scríobh mé rud mar: "Ach, ní thuigeann gon chuid is mó go mhic léinn é sin". (bhí muid ag caint faoin difríocht idir "scrios" agus "scríos" agus an chaoi nach bhfuil eolas ag mórán mac léinn ar na foirmeachaí canúnacha.)

Tá's 'am gurb canúint a raibh i gceist 'am. Ach, dúirt duine liom nach raibh deis 'am é sin a dhéanamh, mar ní an Caighdeán é agus is mic léinn as Meiriceá a scríobhann mar sin. Céard a cheapann sibse faoin Gaeilge scríofa? An bhfuil deis ag duine nach cainteoirí dúchasaigh iad na canúintí a scríobh?


Nín an Ghaoluinn ó dhúchas agam ach an oiread, ach fós dob'fheárra liomsa Gaoluinn bhreá bhinn na Gaeltachta a sgrí agus a labhairt, .i. teanga do tháinig anuas chughainn ós na glúintibh go léir dh'imthigh romhainn, i n-ionad an teanga shaorgach sin a dtugtar an caighdeán air, teanga do chumag ins an ceathrachadaí i n-oifig éigint i mBleá Cliath!

Nín ach ag spailpeadh chaca 'thá an fear sin i ndáiríribh, nín clú dá laghad aige agus ní chreideóinn gaoth fhocail a thagann bhuaidh as so amach!

aineolaí agus amadán ceart 'thá ann más é sin a chreideann sé!

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice


I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Gaeilge scríofa
PostPosted: Sat 22 Aug 2015 11:11 pm 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
:good:

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Gaeilge scríofa
PostPosted: Sun 23 Aug 2015 3:19 pm 
Offline

Joined: Mon 01 Sep 2014 10:03 pm
Posts: 522
Location: SAM
Agus muidne ag caint faoina rudaí seo: 'bhfuil's ag éinne ar leabhra atá scríofa sa gcaint Chonnachta? Níl mé ag caint faoi "sa + úrú", ach an litriú freisin. B'fhearr liom Conamara Theas, má tá sé ann.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 10 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], Google [Bot] and 2245 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group