galaxyrocker wrote:
Bíonn mé ag scríobh i nGaeilge amháin ar Twitter. Cúpla lá ó shin, scríobh mé rud mar: "Ach, ní thuigeann gon chuid is mó go mhic léinn é sin". (bhí muid ag caint faoin difríocht idir "scrios" agus "scríos" agus an chaoi nach bhfuil eolas ag mórán mac léinn ar na foirmeachaí canúnacha.)
Tá's 'am gurb canúint a raibh i gceist 'am. Ach, dúirt duine liom nach raibh deis 'am é sin a dhéanamh, mar ní an Caighdeán é agus is mic léinn as Meiriceá a scríobhann mar sin. Céard a cheapann sibse faoin Gaeilge scríofa? An bhfuil deis ag duine nach cainteoirí dúchasaigh iad na canúintí a scríobh?
Nín an Ghaoluinn ó dhúchas agam ach an oiread, ach fós dob'fheárra liomsa Gaoluinn bhreá bhinn na Gaeltachta a sgrí agus a labhairt, .i. teanga do tháinig anuas chughainn ós na glúintibh go léir dh'imthigh romhainn, i n-ionad an teanga shaorgach sin a dtugtar an caighdeán air, teanga do chumag ins an ceathrachadaí i n-oifig éigint i mBleá Cliath!
Nín ach ag spailpeadh chaca 'thá an fear sin i ndáiríribh, nín clú dá laghad aige agus ní chreideóinn gaoth fhocail a thagann bhuaidh as so amach!
aineolaí agus amadán ceart 'thá ann más é sin a chreideann sé!
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)