Scooby wrote:
Tugann an scrúdaitheoir na marcanna ar an lá. Cuirtear gach rud ar na téipeanna. Déantar seiceáil randamach ar gach bosca téipeanna (80-90 iarrthóir) le linn an tsamhraidh. Roghnaítear 6 iarrthóir as gach bosca. Má tá fadhb le níos mó ná triúr acu, éistear le níos mó acu agus d'fhéadfadh sé tarlú sé go mbeadh athrú ar na marcanna don bhosca ar fad (nó réimse áirithe iarrthóirí). Déanaim féin an obair sin.
Ar thit sé amach riamh go raibh ort marcanna a dh' athrú? An mbíonn drogall ar mhúinteoiribh gearán a dhéana' mar nílid ag iarraidh "to step on someones toes" mar adeirtear?
Scooby wrote:
Tá leath des na marcanna don bhéaltriail ag dul do léamh na filíochta, na sraitheanna pictiúr is araile sula dtosaíonn an dalta ar an gcomhrá - ní bhíonn ach thart ar 6 nóiméad fágtha don chomhrá (deirtear 6-8 nóiméad ach bíonn brú ama i gceist). Agus deirtear go bhfuil níos mó béime anois ar an gcaint!
Sin mo thuairimse chomh maith. Do dh' athraíodar an cúrsa chun béim a chuir ar labhairt na teangan ach níor athraíodar an scrúdú béil chun béim a chuir ar labhairt na Gaolainne.
Scooby wrote:
Maidir leis na daltaí sa Ghaeltacht. Tá gach rud ró-éasca dóibh - más fíor a ndeirtear! (agus ró-éasca do lucht na nGaelscoileanna, ach ní mar sin a bhí nuair a thug mé féin cuairt ar cheann amháin mar scrúdaitheoir). Ach chun cothrom na Féinne a thabhairt do na mílte iarrthóirí eile sa tír, agus fáil réidh leis an tuairim go bhfuil an Ghaeilge don 'élite' amháin, measaim nach bhfuil fadhb ann le codanna den Ardteist a bheith sách éasca. Ní féidir an dá thrá a fhreastal i ndáiríre. Tá dhá dhream ann agus riachtanais éagsúla acu. Dhá Ardteist éagsúil, b'fhéidir?
Is deacair an dá dhream a shásamh ach is dócha ná bíonn gach Gaelscoil ar chomhchaighdeán ach an oiread. Aontaím leat i ndáiríribh nín aon fhadhb agam le codannaibh don Ardteist ' bheith sách furasta go háirithe nuair athá ábhair eile go dian ó thaobh staidéir dhe.
Dhá Ardteist eagsúil- ní dóigh'l é- gan amhras thá dalataí i ngáthsgoileannaibh a bhfuil ar chomhcaighdeán nú níos fearr ná dalataí ag freastal ar Ghaelsgoileannaibh nú Sgoileannaibh Gaeltachta fiú amháin- do bheadh sé cam nú mí-cheart srian nú bac a chuir ortha an cúrsa eile a leanúint.
Ach ansan dá mba rud é go mbeadh dhá chúrsa ann cionnas a roinneofar na marcanna- marcanna nú pointí bhreise a thabhairt ar chúrsa na "nGaescoileanna"?- cosamhail leis an Mata- ach ní aontaím le sin chun pointí bhreise a thabhairt ar ábhar amháin thar ábhar eile. Dob' fhéidir dhá chúrsa difriúil mar adubhairt Saoirse- ceann amháin trom ó thaobh litríochta dhe agus ceann eile trom ó thaobh labhairt na teangan dhe. Ach ansan sílim go bpriocfadh na gnáthscoileanna an cúrsa litríochta, mar thá sé níos fusa dhóibh aistí a chuir de ghlan- mheabhair, agus go bpriocfadh na Gaelscoileanna an ceann labhartha. An cothrom a rá? an dalta a dh' fhaigheann marcanna iontacha i ngnáthscoileanna is é an dalta céanna a dh' fhaigheann marcanna iontacha i ngach ábhair agus is ó ' bheith ag foghlam aistí do ghlan- mheabhair seachas mar aitheantas ar chumasc an dalta- ach dh' fhéadfá é sin a rá le beagnach gach ábhar san Ardteist leis. Gan amhras cuireann daltaí comhrá do ghlan- mheabhair chomh maith ach de gháth is fusa é a dh' aithint le linn scrúdú béil. Ach ansan chun muinteoirí a mhealladh chuig an gcúrsa labhartha marcanna bhreise a bhronnadh ar an gcúrsa san?
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)